Do leanbh agus do scoil

Bí i dteagmháil le do thoil leis an Líne Chabhrach trí ghlaoch ar 01 8874477 nó ríomhphost a sheoladh chuig: helpline@npc.ie chun eolas níos mionsonraithe a fháil.

Tá mo leanbh curtha isteach i rang scoilte, cad é sin, cad is féidir liom a dhéanamh?
Is ionann rang scoilte agus rang ina múintear dhá leibhéal nó níos mó le chéile (e.g. an 3ú rang agus an 4ú rang) in aon seomra ranga amháin agus aon mhúinteoir amháin a bhíonn sa rang. D'fhéadfadh sin a bheith riachtanach i scoil níos lú nuair nach gceadaíonn líon na ndaltaí ranganna ar leithligh ag gach leibhéal nó d'fhéadfadh sin a bheith riachtanach i scoil níos mó nuair nach ionann an líon leanaí sa scoil gach bliain.

Is é/í an Príomhoide a bhíonn freagrach as leithroinnt na múinteoirí chuig ranganna. Léiríonn gach taighde nach mbíonn leanaí faoi mhíbhuntáiste má bhíonn siad i rang scoilte. Faigheann na leanaí níos sine buntáiste as an obair a bhíonn clúdaithe an bhliain roimhe sin a chloisteáil arís agus faigheann na leanaí níos óige speictream níos leithne eolais agus cuidíonn sin leo dul chun cinn a dhéanamh. Bíonn ar an bPríomhoide cinneadh a dhéanamh cad é an bealach is fearr chun ranganna a scoilteadh, nuair a bhíonn gá sin a dhéanamh, agus i roinnt cásanna déantar é sin de réir aoise, i gcásanna eile, in ord aibítre. I roinnt cásanna, tabharfar deis do na leanaí cara amháin nó beirt a roghnú a mhaith leo a bheith sa rang leo. D'fhéadfadh ról a bheith ag cumann na dtuismitheoirí scrúdú a dhéanamh ar thionchar sóisialta rang scoilte ar na leanaí. Is é an rud is fearr is féidir leat a dhéanamh ná labhairt leis an bPríomhoide agus beidh sé /sí ábalta míniú a thabhairt duit cén fáth a raibh orthu an rang a scoilteadh agus an córas a úsáidtear chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na leanaí a théann isteach i rang ar leith.

Is beag Béarla atá ag mo leanbh, an bhfaighidh sé/sí cúnamh/tacaíocht ag an scoil?
Nuair a thosóidh do leanbh ar scoil, déanfar é/í a mheas chun a leibhéal oilteachta i mBéarla a aimsiú. D'fhéadfaí Múinteoir Tacaíochta Teanga a leithroinnt ansin chun tacaíocht a thabhairt don leanbh. Ceaptar Múinteoirí Tacaíochta Teanga chun cuidiú le scoileanna teagasc tacaíochta teanga breise a sholáthar do dhaltaí. I gcomhar le tuismitheoirí agus le múinteoirí ranga, aithníonn múinteoirí tacaíochta teanga daltaí a mbíonn tacaíocht bhreise uathu, riartar na hábhair measúnaithe, cuirtear cláir teanga chuí le chéile, seachadaítear an clár agus déantar taifeadadh agus monatóireacht ar dhul chun cinn na ndaltaí. Tá sé tábhachtach go roinntear saineolas agus go gcuirtear deachleachtas in iúl agus go scaiptear sin chun an méid deiseanna agus is féidir a chinntiú do dhaltaí chun a gcuid oilteachta i mBéarla a fhorbairt.

Bíonn bunscoileanna ina mbíonn 15 dalta neamhnáisiúnach nó níos mó le heaspa teanga Béarla suntasach incháilithe láithreach do mhúinteoir sealadach breise ar feadh tréimhse suas le 2 bhliain. Bíonn an múinteoir sin freagrach go sonrach as riachtanais Béarla na leanaí sin. Gheobhaidh scoil ina mbíonn idir 4 agus 14 leanaí nach labhraíonn Béarla deontas chun go mbeidh siad ábalta seirbhísí duine cáilithe oiriúnach a fháil chun Béarla a mhúineadh. Bheifí ag súil go mbeadh scoileanna, ina mbíonn 3 nó níos lú de leanaí nach labhraíonn Béarla, ábalta freastal ar riachtanais oideachais na leanaí sin óna gcuid acmhainní féin.

Cad iad na tacaíochtaí foghlama atá ar fáil má thiteann mo leanbh siar ina chuid/cuid obair scoile? 
Tá seirbhís de chuid Múinteoir Tacaíochta Foghlama ar fáil do gach bunscoil agus tá Treoirlínte Tacaíochta Foghlama curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Tugtar míniú sna treoirlínte sin ar aidhmeanna agus ar ghníomhaíochtaí na gclár tacaíochta foghlama. Áirítear orthu na nósanna imeachta chun leanaí, a mbíonn deacrachtaí acu le curaclam oibre na scoile agus a dteastaíonn teagasc breise uathu, a aithint agus a roghnú. Is iad na múinteoirí tacaíochta foghlama a sholáthraíonn an teagasc breise sin.

Is féidir leis an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS) measúnú síceolaíoch a dhéanamh ar leanaí a mbíonn deacrachtaí leanúnacha acu agus iad ag déileáil lena gcuid obair scoile agus d'fhéadfadh siad a bheith i dteideal tacaíocht ó Mhúinteoir Acmhainní.

An féidir leis an scoil deireadh a chur le Corpoideachas (PE) mar phionós do na leanaí? 
Ní féidir, tá na leanaí i dteideal curaclam iomlán agus áirítear leis sin ar a laghad uair an chloig amháin corpoideachais (PE) in aghaidh na seachtaine.

An mbeidh ar scoileanna freagracht a ghlacadh cógais leighis a thabhairt do leanaí? 
Ní féidir dualgas a chur ar mhúinteoir cógais leighis ná drugaí a thabhairt do dhalta. Tugann Cumann Múinteoirí Éireann (INTO) agus Cumann Bainistíochta na mBunscoileanna Caitliceacha (CPSMA) comhairle do thuismitheoir (thuismitheoirí) dalta lena mbaineann scríobh chuig bord bainistíochta na scoile agus iarraidh ar an mbord sin duine den fhoireann teagaisc a údarú chun an cógais leighis a riaradh.

Ba chóir go mbeadh treoracha i scríbhinn san áireamh san iarratas freisin maidir leis an nós imeachta a chaithfear a leanúint agus an cógas leighis á riaradh.

Féadfaidh an bord bainistíochta, i ndiaidh dóibh an t-ábhar a phlé, múinteoir a údarú chun an cógais leighis a riaradh chuig an dalta. Má bhíonn an múinteoir údaraithe ar an tslí sin, ba chóir go bhfaighidh sé/sí treoracha mar is cuí ón mbord bainistíochta.

Níor chóir do mhúinteoir cógais leighis a riaradh gan údarú sonrach a fháil ón mbord.

Agus cógais leighis ár riaradh chuig daltaí, ba chóir do mhúinteoirí an caighdeán cúraim a bhíonn ag tuismitheoir a bheadh réasúnach agus stuama a chleachtadh.

Ba chóir don bhord bainistíochta lucht árachais na scoile a chur ar an eolas dá réir sin.

Ba chóir don bhord bainistíochta conradh slánaíochta a lorg óna tuismitheoirí i ndáil le haon dliteanas a d'fhéadfadh teacht chun cinn maidir le riaradh an chógais leighis.

Tá sé tábhachtach go gcuirfeadh boird bhainistíochta na tuismitheoirí ar an eolas nach mór dóibh a chinntiú go mbeadh múinteoirí ar an eolas i scríbhinn faoi aon riocht leighis a bhíonn ag aon leanbh ina rang. D'fhéadfadh leanaí a mbeadh titimeas nó diaibéiteas ag dul dóibh nó a d'fhéadfadh turraing anaifiolachtach a fháil titim ag aon tráth agus tá sé ríthábhachtach mar sin go n-aithneofaí na siomptóim chun go bhféadfadh an duine cuí cóireáil a thabhairt más gá.

Cad ba chóir dom a dhéanamh má bhíonn fadhb ag mo leanbh ar scoil?
An chéad rud ba chóir duit a dhéanamh ná labhairt leis an múinteoir. Má cheapann tú gur rud éigin é is féidir a réiteach i gcúpla nóiméad d'fhéadfá labhairt leis an múinteoir ag tús nó ag deireadh an lae scoile. Má cheapann tú go dtógfadh sé níos faide ba chóir duit coinne a iarraidh leis an múinteoir chun nádúr na faidhbe a phléigh go mion.

Nuair a bhuaileann tú leis an múinteoir, mínigh an fhadhb chomh soiléir agus chomh suaimhneach agus is féidir. Bí sásta oibriú leis an múinteoir agus le do leanbh chun réiteach a fháil ar an bhfadhb. Mura féidir an fhadhb a réiteach ag an leibhéal seo, beidh ort dul go dtí an Príomhoide don chéad chéim eile. Ba chóir duit coinne a dhéanamh agus aon pháipéarachas a bheadh riachtanach a thabhairt leat. Mura mbeidh an fhadhb socraithe go fóill ag an gcéim sin is féidir leat ag an tráth sin teagmháil a dhéanamh le Bord Bainistíochta na scoile. Má bhíonn aon chúnamh uait leis sin is féidir leat glaoch ar líne chabhrach an NPC Teil: 01 8874477 nó ríomhphost a sheoladh chuig:helpline@npc.ie

Cad ba chóir dom a dhéanamh má bhíonn bulaíocht á dhéanamh ar mo leanbh ar scoil?
Is é an chéad rud ba chóir duit a dhéanamh ná labhairt leis an múinteoir. Is minic gur féidir leis an múinteoir déileáil leis sin sa seomra ranga agus d'fhéadfaí an fhadhb a réiteach láithreach. Má leanann an fhadhb ba chóir duit cóip de pholasaí frithbhulaíochta na scoile a iarraidh agus a sheiceáil an bhfuiltear ag cloí leis sin. Mura mbítear ag cloí leis sin ba chóir duit an nós imeachta atá léirithe thuas a leanúint. Is féidir leat cúnamh a thabhairt don leanbh mar theaghlach trí éisteacht leis na leanaí agus insint dóibh go bhfuil tú ann dóibh agus ar a son. Ba chóir duit a chinntiú go dtuigeann siad nach bhfuil aon ní déanta mícheart acu agus go ndéanfaidh tú gach is féidir leat a dhéanamh chun go cuirfear stop leis an mbulaíocht. Ba chóir duit an méid is féidir leat a dhéanamh freisin chun go mbeidh féinmheas acu trí spreagadh a thabhairt dóibh sna gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl acu nó trí ghrúpaí eile leanaí a chur in aithne dóibh etc.

An bhfuil ar mo leanbh staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge? 
Tá an Ghaeilge mar chuid lárnach den churaclam i ngach bunscoil. Bíonn roinnt imthosca eisceachtúla i gceist nuair is féidir le leanbh díolúine a fháil ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge áfach:

(a) Daltaí a fuair a gcuid bunoideachais suas go dtí 11 bliain d'aois i dTuaisceart Éireann nó lasmuigh d'Éirinn, ar choinníoll go raibh an tuismitheoir nó an caomhnóir a raibh an leanbh faoina gcúram ina gcónaí go buan i dTuaisceart Éireann nó lasmuigh d'Éirinn i rith tréimhse oideachais an dalta suas go dtí an aois sin;

(b) Daltaí a bhí rollaithe mar dhaltaí aitheanta i scoileanna náisiúnta agus a bhíonn á n-athrollú i ndiaidh dóibh tréimhse a chaitheamh thar lear, ar choinníoll go mbíonn tréimhse trí bliana ar a laghad caite ón rollú roimhe sin sa Stát agus ní mór go mbeadh an dalta 11 bliain d'aois ar a laghad agus iad á n-athrollú;

(c) Na daltaí a leana

(i) daltaí a fheidhmíonn go hintleachtúil ag an meánleibhéal nó beagán os cionn an meánleibhéal ach a mbíonn Míchumas Foghlama Sonrach ag dul dóibh agus a bhíonn chomh dian sin nach n-éiríonn leo leibhéil ionchais a bhaint amach i mbunscileanna teanga sa mháthairtheanga, nó

(ii) daltaí a mbíonn measúnú déanta orthu agus go mbíonn míchumas foghlama ginearálta ag dul dóibh mar thoradh ar lagú intleachtúil tromchúiseach [i.e. bac meabhrach] agus nach n-éiríonn leo leibhéil dóthanach bunscileanna teanga a bhaint amach sa mháthairtheanga, nó

(iii) daltaí a mbíonn measúnú déanta orthu agus go mbíonn míchumas foghlama ginearálta ag dul dóibh mar thoradh ar lagú céadfach tromchúiseach, agus nach n-éiríonn leo leibhéil dóthanach bunscileanna teanga a bhaint amach sa mháthairtheanga ach an oiread.

Ní mór do shíceolaí cáilithe fianaise de mhíchumas mar sin a léiriú, agus na chóir go mbeadh tacaíocht ar fáil i gcás (iii) trí thuairisc ó speisialtóir leighis cuí. Ina theannta sin, ní mór don scoil tuairisc iomlán faoin dalta a thabhairt.

(d) Ní bhíonn ar dhaltaí ó thar lear, nach mbíonn aon tuiscint acu ar an mBéarla nuair a rollaítear iad ach staidéar a dhéanamh ach ar aon teanga amháin, Gaeilge nó Béarla;

(e) Leanaí na n-eachtrannaigh sin a bhíonn ina n-ionadaithe taidhleoireachta nó ina n-ionadaithe consalachta in Éirinn;

(f) Leanaí ó thíortha eile a mbíonn an tAire sásta ina leith go bhfuiltear ina gcónaí sa tír seo mar dhídeanaithe polaitíochta.

D'fhéadfadh daltaí ó na catagóirí thuas cead a fháil fanacht sa seomra ranga i rith an cheachta Gaeilge ionas go mbeadh an deis acu eolas a chur ar an nGaeilge labhartha agus a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí foghlama. Nó d'fhéadfaí socruithe eile a dhéanamh ar obair scoile a thabhairt dóibh ar réimse eile ábhair.

Ní mór do thuismitheoir iarratas a dhéanamh ar dhíolúine. [Ciorclán de chuid na Roinne Oideachais agus Eolaíochta 12/96 féach liosta chiorcláin na Roinne anseo

Conas is féidir liom níos mó eolais a fháil maidir le cad a bhíonn mo leanbh a fhoghlaim ar scoil?
Tá go leor eolais ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) maidir leis na hábhair éagsúla ag gach leibhéal. Tá DVD acu dar teideal "THE WHAT, WHY AND HOW OF CHILDREN'S LEARNING IN PRIMARY SCHOOL' agus is féidir é sin a íoschóipeáil ón láithreán gréasáin www.ncca.ie. Is féidir leat tuilleadh eolais mionsonraithe a fháil ar a láithreán gréasáin freisin maidir le gach réimse ábhair.

Cad é an Curaclam i mBunscoileanna na hÉireann
Tagraíonn an curaclam don chlár staidéir a bhíonn ar leanaí na hÉireann a dhéanamh agus iad sa bhunscoil. Cuirtear i láthair é i seacht réimse, agus déantar iad sin a roinnt tuilleadh isteach in ábhair (féach tábla thíos). Is iad na húdaráis eaglasta éagsúla a bhíonn freagrach as an gcuraclam Reiligiúnach a fhorbairt.

Cad é Cód Iompair na scoile?
Is cáipéis í seo ina leagtar amach an iompar a bhítear ag súil ó gach duine i bpobal na scoile. Ba chóir an Cód Iompair a ullmhú i gcomhairle le gach duine i bpobal na scoile, na daltaí agus na tuismitheoirí san áireamh. Ba chóir go mbeadh an cháipéis ar fáil do gach tuismitheoir agus d'fhéadfaí go mbeadh orthu an cháipéis sin a shíniú nuair a thosaíonn an leanbh ar scoil. Tá pionós corparáideach nó fisiceach mídhleathach i scoileanna na hÉireann.

Cén sórt obair bhaile a bheidh le déanamh ag mo leanbh sa bhunscoil?
Socraíonn scoileanna a bpolasaí féin maidir le hobair bhaile. Mar shampla, i roinnt scoileanna faigheann leanaí scoile ó rang a haon go dtí rang a sé obair bhaile gach oíche sa tseachtain. Tugann scoileanna eile roinnt beag léitheoireachta nó matamaitic le déanamh do na naíonáin sna ranganna naíonáin.

Má fhaigheann do leanbh obair bhaile, ba chóir duit spás agus spreagadh a thabhairt dóibh chun é sin a dhéanamh. Tabhair cúnamh dóibh má theastaíonn sin uathu. Bí ag caint le do leanbh faoi cad a dhéanann siad ar scoil gach lá.

Leag amach tréimhse ama a bhíonn ciúin chun go mbeidh do leanbh ábalta suí go compordach ag an mbord agus ná bíodh an teilifís ná aon torann eile ag cur isteach air/uirthi.

Sa tréimhse ama don obair bhaile, ba chóir go mbeadh am leagtha síos d'obair ó bhéal chomh maith leis an obair scríofa. Is féidir leis an obair ó bhéal, - ag labhairt agus ag athrá cad a bhíonn foghlamtha acu, a bheith an-chuiditheach sna luathbhlianta.

Spreag do leanbh chun na téacsleabhair agus na cóipleabhair a choimeád glan agus néata.

Má bhíonn do leanbh ag obair leis/léi féin, bí ar fáil chun cúnamh a thabhairt agus taispeáin go bhfuil spéis agat san obair a bhíonn ar siúl acu. Mol iarrachtaí do leanbh i gcónaí.

Déan iarracht foighne a bheith agat le do leanbh.

Má bhíonn fadhbanna leanúnacha ag do leanbh le hobair bhaile, pléigh é sin leis an múinteoir.

Mura bhfuil do leanbh in ann a gcuid obair bhaile a dhéanamh, cibé cén fáth, mínigh é sin don múinteoir. Scríobh nóta gearr a mhíníonn cén fáth nó socraigh cruinniú leis an múinteoir.

Cad ba chóir dom a dhéanamh má fhaigheann mo leanbh an iomarca obair bhaile?
Is príomhghnéithe de chuid polasaí obair bhaile na scoile an méid obair bhaile a bhíonn le déanamh agus an tréimhse ama atá le leithroinnt dó. Ní mór do thuismitheoirí eolas maith a bheith acu ar an bpolasaí sin, chun go mbeidh siad ábalta an tréimhse ama sin a leithroinnt sa bhaile don leanbh. Tá sé tábhachtach go mbeadh tuismitheoirí ar an eolas maidir leis an sprioc-am don obair bhaile do rang an linbh. Is féidir leo idirghabháil a dhéanamh ansin má thógann sé i bhfad níos faide ar an leanbh na tascanna a bhíonn socraithe a chríochnú, agus féadfaidh siad an múinteoir a chur ar an eolas faoi na deacrachtaí a bhíonn acu.

Cad é ról an oifigigh Teagmhála Baile, Scoile, Pobail?
Tá sé an-tábhachtach don leanbh go mbeadh cumarsáid mhaith ann idir an baile agus an scoil. Is iad na tuismitheoirí na chéad oideachasóirí a bhíonn ag leanaí agus tá an comhoibriú agus an tacaíocht a thugann siad riachtanach don scoil. I roinnt scoileanna, ceaptar Oifigigh Teagmhála Baile, Scoile Pobail ón bhfoireann teagaisc chun tuismitheoirí a spreagadh chun a bheith níos rannpháirtí i saol oideachais a gcuid leanaí agus chun a bheith níos rannpháirtí i saol na scoile. Tá an scéim seo teoranta do líon beag scoileanna.

Tá an scoil ina bhfuil mo leanbh ag iarraidh ranníoc airgeadais deonach, cad ba chóir dom a dhéanamh?
Maoinítear bunscoileanna na hÉireann ar bhonn Scéim Deontais Caipitíochta a shocraíonn an Rialtas sa Bhuiséad gach bliain. Ciallaíonn sé sin go bhfaigheann Bord Bainistíochta na scoile suim áirithe airgid a bhíonn leithroinnte do gach leanbh a bhíonn ar rolla na scoile. Úsáidtear an t-airgead sin chun na costais go léir a íoc mar leictreachas, ola, árachas, teileafón, etc. De réir mar a théann na costais in airde, is minic nach mbíonn dóthain airgid acu chun na costais go léir a íoc. Iarann roinnt scoileanna ar thuismitheoirí ranníoc deonach a thabhairt chun cuidiú leo na costais sin a íoc. Caithfidh sin a bheith ar bhonn deonach áfach agus níl aon dualgas ort é sin a íoc. Níor chóir go ndéanfaí aon leanbh ná aon teaghlach a ainmniú ná a náiriú mura n-íocann siad airgead.

Cén uair ba chóir dom a bheith ag súil go gcasfaidh mé le múinteoir mo linbh?
I ngach scoilbhliain, beidh cruinniú tuismitheora/múinteora foirmiúil amháin ar siúl i ngach bunscoil. Beidh sin ar siúl de ghnáth ag deireadh an lae scoile agus dúnfar an scoil 15 nóiméad luath chun cuidiú leis sin.

Cuirfidh an scoil scéala chugat maidir le dáta agus am an chruinnithe. Is cruinniú tábhachtach é sin agus ba chóir duit a bheith i láthair más féidir leat. Ag an gcruinniú, feicfidh tú samplaí d'obair do linbh agus pléifear dul chun cinn an linbh leis an múinteoir ranga. Nuair a théann tú ag na cruinnithe sin, léiríonn sin don leanbh go bhfuil suim agat san dul chun cinn atá sé/sí a dhéanamh.

Má bhíonn aon imní ort faoi dhul chun cinn do linbh ag aon tráth i rith na bliana, féadfaidh tú socruithe a dhéanamh labhairt leis an múinteoir ranga.

Mura féidir leat freastal ar an gcruinniú tuismitheora/múinteora foirmiúil ba chóir duit é sin a chur in iúl don mhúinteoir agus ba chóir go socrófaí cruinniú eile a bheadh níos oiriúnaí. Féach Ciorclán na Roinne Oideachais agus Eolaíochta PC 14/04: Socruithe do chruinnithe Tuismitheora/Múinteora agus do chruinnithe Foirne cliceáil anseo

Conas a rachaidh scoileanna i dteagmháil le Tuismitheoirí? 
Téann scoileanna i dteagmháil le tuismitheoirí de ghnáth trí nótaí a sheoladh abhaile leis an leanbh. D'fhéadfaí na nótaí sin a scríobh ar dhialann obair bhaile an linbh nó ar bhileog ar leithligh. Ba chóir duit mála scoile do linbh a sheiceáil gach lá go bhfeicfidh tú an bhfuil aon nótaí ann.

An bhfaighidh mé tuairisc i scríbhinn faoi mo leanbh ón scoil?
Faoin Acht Oideachais, 1998 ní mór don scoil tuairiscí a sholáthar maidir le gach leanbh. Ní mór do scoileanna cead a thabhairt do thuismitheoirí rochtain a dhéanamh ar thaifead scoile an linbh. Ba chóir go mbeadh nós imeachta ag an scoil chun tuismitheoirí a choimeád ar an eolas maidir le hábhair a bhaineann leis an scoil.

Luaitear san Acht "go ndéanfaidh an Príomhoide agus na múinteoirí meastóireacht rialta ar mhic léinn agus tuairisc faoi thorthaí na meastóireachta a thabhairt go tréimhsiúil do na mic léinn agus dá dtuismitheoirí".

Faoin Acht Oideachas (Leas), má fhágann mac léinn scoil amháin chun dul chuig scoil eile, ní mór do Phríomhoide an chéad scoil eolas a thabhairt faoin leanbh sin don scoil nua. Áirítear san eolas sin cúrsaí tinrimh nó eolas iomchuí eile maidir le dul chun cinn an linbh.

Ba chóir go bhfaigheadh tú tuairisc i scríbhinn ó scoil do linbh ag pointe éigin i rith na bliana. Tabharfar eolas sa tuairisc sin ar dhul chun cinn do linbh agus an méid atá bainte amach aige/aici i ceithre príomhréimse. 
 

1. Do leanbh mar fhoghlaimeoir
mar a thaitníonn le do leanbh ag foghlaim ar scoil
mar a oibríonn do leanbh le leanaí eile, nó leis/léi féin 
mar a leanann do leanbh ag déanamh iarrachta lena chuid/cuid oibre fiú nuair a bhíonn sé deacair
chomh maith agus a oibríonn do leanbh ar scoil nó sa bhaile

2. Forbairt shóisialta agus phearsanta do linbh
An léir go bhfuil do leanbh sásta ar scoil
mar a iompraíonn sé/sí é/í féin
mar a fhaigheann sé/sí ar aghaidh le leanaí eile sa seomra ranga agus sa chlós súgartha

3. Foghlaim do linbh feadh an churaclaim
mar atá ag éirí le do leanbh le Béarla, Gaeilge, Matamaitic agus sna réimsí ábhar eile
an dteastaíonn beagán cúnamh nó go leor cúnamh uaidh/uaithi leis an obair scoile
an dteastaíonn beagán cúnamh nó go leor cúnamh uaidh/uaithi leis an obair bhaile
Is féidir leat féachaint ar DVD maidir le foghlaim leanaí sa bhunscoil ag www.ncca.ie

4. Tusa agus foghlaim do linbh
conas a fhéadfaidh tusa cuidiú le do leanbh déanamh níos fearr ar scoil
rudaí is féidir leatsa a dhéanamh sa bhaile chun cuidiú le do leanbh ag foghlaim
Féach ar láithreán gréasáin an NCCA www.ncca.ie chun bileoga a fháil a chuideoidh le do leanbh i mbun foghlama 
Seo a leanas roinnt nithe eile a d'fhéadfadh a bheith san áireamh i dtuairisc do linbh:

Ba chóir Torthaí tástálacha caighdeánaithe - nuair is infheidhme sin a chur san áireamh i dtuairisc do linbh. Is é an cuspóir a bhíonn le tástáil chaighdeánaithe ná chun a sheiceáil mar a bhíonn ag éirí le do leanbh ó thaobh cúrsaí liteartha (Béarla) agus uimhearthachta (matamaitic). Ní mór na tástálacha a dhéanamh ag deireadh an chéad ranga nó ag tús an Dara ranga agus arís ag deireadh an cúigiú ranga nó ag tús an séú ranga. Ba chóir go gcuirfí tuismitheoirí ar an eolas faoi thorthaí na tástála. Uimhir a bheidh mar thoradh ar an tástáil chaighdeánaithe. Scríobhfaidh an múinteoir tuairim ghearr a mhíníonn cad a bhíonn i gceist leis an uimhir sin. 
 

Tuairimí - D'fhéadfadh an múinteoir aird a tharraingt ar rud éigin ar mhaith leis/léi a phléigh leat. D'fhéadfadh an múinteoir an spás sin a úsáid chun aird a tharraingt ar ghnóthachtáil nó ar cháilíocht speisialta de chuid do linbh nó chun do leanbh a mholadh. [láithreán gréasáin na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta www.ncca.ie]


An chóir do scoileanna tuairiscí scoile a thabhairt do bheirt tuismitheoirí an linbh, sa chás go mbíonn na tuismitheoirí scartha nó an mbeidh ar na tuismitheoirí é sin a iarraidh?
Má dhéantar iarratas, ansin bheadh sé cuí cloí leis an iarratas sin agus cóipeanna de thuairiscí scoile a sholáthar don dá chaomhnóir. Arís, sa chás nach mbeadh iarratas déanta, bheadh ar scoil na cúinsí áirithe a bhreithniú, ach toisc gur dóigh gur beag costas agus deacracht a bheadh i gceist le cóipeanna de na tuairiscí a sheoladh chuig an dá chaomhnóir, is léir go mbeadh sé níos oiriúnaí polasaí a bheith in áit a sholáthraíonn cóipeanna de na tuairiscí do gach aon caomhnóir [Leabhrán Chomhaltaí an Bhoird Bhainistíochta de chuid Chumann Bainistíochta na mBunscoileanna Caitliceacha (CPSMA), aguisín 49(a)]